www.keepnorthernirelandbeautiful.org Caithfidh tú pasfhocal agus seoladh r-phost a roghnú do do chlárú. Beidh siad sin de dhíth ort le cur isteach ar na gradaim.
I ndiaidh duit do scoil a chlárú, cuirfear r-phost deimhnithe agus eolais chugat ó oifig Éicea-Scoileannna.
Is féidir cuardach a dhéanamh ar bhunachar nuashonraithe Éicea-Scoileanna ag www.keepnorthernirelandbeautiful.org. Ní féidir le scoileanna clárú ach uair amháin ar an chlár.
Glacaimid le hiarratais don Bhrat Ghlas in am ar bith i rith na bliana ach faightear anseo thíos roinnt spriocdhátaí le haghaidh iarratas dá mba mhaith leat measúnú a bheith déanta ort roimh am áirithe sa bhliain -
Déanfaimid ár ndícheall scoileanna a mheas a chuireann iarratas isteach i ndiaidh na spriocdhátaí molta ach seans go mbeadh sé sin deacair, go háirithe i dtéarma an tsamhraidh, a bhíonn an-ghnóthach. Mar sin de, bí ar thús an tslua agus seol d’iarratas isteach go luath. Bímid i gcónaí sásta cuidiú le ceisteanna maidir le hiarratais mheasúnaithe ar 02890 736920 nó ar r-phost eco-schools@keepnorthernirelandbeautiful.org.
Ba chóir go ndéanfaí an mheasúnacht iomlán taobh istigh d’uair amháin no dhá uair a chloig. Beidh an dá mheasúnóir ag súil leis na rudaí seo a leanas tarlú le linn measúnachta [ní bhíonn siad ag súil le cur i láthair foirmiúil mar go mbíonn an t-eolas sin ar fad sa tuairisc]:
Molfaidh an fhoireann measúnaithe pas nó teip nó b’fhéidir pas ach roinnt moltaí a chur i gcrích.
Má éiríonn le do scoil, gheobhaidh tú Brat Glas le cur ar taispeáint i do scoil chomh maith le litir chomhghairdis.
Oibríonn Éicea-Scoileanna i dTuaisceart Éireann go dlúth le roinnt eagraíochtaí oideachais agus imshaoil chun an clár a sholáthar. Tá an chuid is mó den 11 chomhairle áitiúla bainte leis an chlár. Ní fhéadfadh Keep Northern Ireland Beautiful an clár a thabhairt mar is ceart gan cuidiú na n-eagraíochtaí sin. Más scoil sibh atá sa chlár agus má tá cuidiú praiticiúil de dhíth oraibh le ceann ar bith de na topaicí téigí i dteagmháil le bhur dtoil lenár gComhpháirtithe Seachadta. Faightear a gcuid sonraí teagmhála sa rannán darb ainm Comhpháirtithe.
Maireann gach gradam Brat Glas ar feadh dhá bhliain. Sula dtéann do Bhrat Glas ar ceal, ba cheart duit foirm iarratais Brat Glas a chomhlánú agus a chur isteach chun do bhrat a athnuachan. Mura bhfuil tú cinnte cá huair a fuair tú do Bhrat Glas deireanach, déan teagmháil le hoifig Éicea-Scoileanna ar 028 9073 6920.
Ó am go chéile, bíonn deontais agus cúnamh airgeadais ar fáil do scoileanna ar an chlár Éicea-Scoileanna. Déanfar iad sin a fhógairt ar ár suíomh gréasáin ag www.keepnorthernirelandbeautiful.org.
Is féidir léarscáil de scoileanna Brat Glas a fhail ar an suíomh gréasáin ag www.keepnorthernirelandbeautiful.org. Ba chóir go dtiocfadh le scoileanna a fuair a mBrat Glas comhairle a chur ort.
Gabh i dteagmháil, de chéaduair, le hoifig Éicea-Scoileanna ar 028 9073 6920.
Déantar oiliúint iomlán agus seiceáil póilíní ar ár gcuid measúnóirí deonacha Brat Glas. Eagraímid dhá sheisiún traenála de ghnáth sa bhliain. Ba chóir do gach measúnóir bheith tiomanta do dhá mheasúnú ar a laghad a dhéanamh sa bhliain. Is féidir a shocrú ar mheasúnú a dhéanamh ar scoileanna atá cóngarach duit. Cúitítear le measúnóirí aon chostais taistil a bhíonn orthu chun scoileanna a mheasúnú.
Le haghaidh tuilleadh eolais, gabh i dteagmháil le hoifig Éicea-Scoileanna ag 028 9073 6920.
Téigh i dteagmháil le hoifig Éicea-Scoileanna ag 028 9073 6920 nó cuir r-phost chuig eco-schools@keepnorthernirelandbeautiful.org le hainm do scoile agus an postchód ionas go dtig linn do shonraí logáil isteach a dheimhniú.
Níl cead ag scoileanna lógó Éicea-Scoileanna a úsáid ach amháin nuair atá a nGradam Brat Glas bainte amach acu. Le teacht ar chóip den lógó cuir r-phost chuig eco-schools@keepnorthernirelandbeautiful.org agus tabhair ainm agus postchód do scoile.
Is féidir teimpléid a íoslódáil le cuidiú leat Athbhreithniú Comhshaoil a dhéanamh agus Plean Gníomhaíochta a dhearadh sa rannóg Próiseáil.
Is féidir le scoil de chineál ar bith dul i bpáirt le hÉicea-Scoileanna. Clúdaíonn sé sin naíscoileanna, bunscoileanna, iar-bhunscoileanna, scoileanna speisialta, lárionaid leanaí agus aonaid atreorach daltaí. Má tá tú éiginnte faoi cé acu atá tú i dteideal dul isteach i gclár Éicea-Scoileanna nó nach bhfuil, téigh i dteagmháil le hoifig Éicea-Scoileanna ag 028 9073 6920 nó seol r-phost chuig eco-schools@keepnorthernirelandbeautiful.org
Is féidir le scoileanna roghnú dul trí gach céim gradaim (Cré-umha, Airgead, agus Brat Glas) ach níl sé éigeantach. Is féidir le scoil a nGradam Cré-umha a fháil agus ansin oibriú i dtreo an Bhrait Ghlais láithreach. Sin nó thiocfadh le scoil dul díreach i dtreo an Bhrait Ghlais ó am a gcláraithe, ag brath ar an mhéid oibre atá déanta.