Posted on Wed 23 Jan 2019
Daltaí Aontroma agus Bhaile na Mainistreach dáiríre faoi chúrsaí bruscair
Tá scoileanna in Aontroim agus i mBaile na Mainistreach ag dul i ngleic le topaic thábhachtach na hathchúrsála agus na dramhaíola agus Dúshlán Mór Wheelie á lainseáil, tionscnamh a eagraítear ag Keep Northern Ireland Beautiful, Éicea-scoileanna agus a dtugann Comhairle Buirge Aontroma agus Bhaile na Mainistreach tacaíocht dó. Nuair atá méideanna uafásacha ar nós 7 milliún tona bia á gcaitheamh amach as tithe sa RA gach bliain, tá daltaí ag fiosrú cad é is féidir a dhéanamh ar scoil agus sa bhaile leis an dramhaíl a laghdú.
Is í Straid Primary School ceann de na scoileanna sa cheantar atá ag tabhairt faoi thionscadal nua athchúrsála agus múiríniú bia taobh istigh den scoil mar chuid de Dhúshlán Mór Wheelie.
Dúirt Helen Duff, Éicea-Chomhordaitheoir in Straid Primary School: “Táimid an-tógtha go mbeimid ag glacadh páirt i nDúshlán Mór Wheelie. Ós cuid de phobal tuaithe muid feicimid gach lá cad é chomh tábhachtach agus atá sé aire a thabhairt don timpeallacht. Nuair a bhímid ábalta athruithe a dhéanamh san athchúrsáil agus sa dramhbhia taobh istigh den scoil léiríonn sé do na páistí gur cuma cad é chomh hóg nó chomh beag is atá tú, gur féidir linn uilig difear a dhéanamh nuair a oibrímid le chéile.”
Arsa Ruth Van Ry, Bainisteoir Oideachas Imshaoil le Keep Northern Ireland Beautiful: “Cuireann sé an-áthas orainn an tionscadal agus an comórtas seo a chur sa siúl nó tá sé lán gníomhaíochtaí agus spraoi agus cuirfidh sé gach scoil in Aontroim agus i mBaile na Mainistreach ag smaoineamh ar bhealaí ina bhféadfadh siad cuidiú leis an timpeallacht trí dhramhaíl a laghdú agus níos mó athchúrsála a dhéanamh. Táimid ag súil leis na smaointe suimiúla uilig a fheiceáil ó na scoileanna. Iarraimid ar na daltaí scoile uilig in Aontroim agus i mBaile na Mainistreach a gcuid caipíní éicea-smaointe a chur orthu féin agus a bheith rannpháirteach ann.”
Dúirt an Comhairleoir Paul Michael, Méara Aontroma agus Bhaile na Mainistreach: “Táimid breá sásta a bheith ag obair le Keep Northern Ireland Beautiful ar an chomórtas seo don chéad uair. Mar Chomhairle táimid ag obair go dian le rátaí athchúrsála agus múirínithe a fheabhsú agus tugann an comórtas seo an deis do scoileanna duaiseanna iontacha a bhaint agus an timpeallacht a chaomhnú agus costais diúscairt dramhaíola a laghdú ag an am céanna. Tá súil againn go spreagfaidh an comórtas seo daltaí agus teaghlaigh smaoineamh ar na rudaí a chuirtear amú sa bhaile agus ar scoil agus beart dearfach éigin a dhéanamh faoi.”
Tá Dúshlán Mór Wheelie oscailte anois do gach scoil i gComhairle Buirge Aontroma agus Bhaile na Mainistreach agus beidh sé ar siúl go dtí mí na Bealtaine. Is féidir do shuim sa chomórtas a chlárú agus acmhainní agus eolas a fháil ach ríomhphost a chur chuig Cathy Gorman nó scairt a chur ar 028 90 736920.
Is é Clár Éicea-Scoileanna an clár oideachas imshaoil is mó ar domhan agus tá sé mar aidhm aige feasacht agus gníomhaíocht i gcúrsaí comhshaoil a bheith ina ndlúthchuid de shaol na scoile. Oibríonn Éicea-Scoileanna trí phróiseas simplí seacht gcéim chun athrú iompraíochta a thabhairt i gcrích agus déantar staidéar ar réimse topaicí, amhail dramhaíl, bruscar agus fuinneamh. Trí pháirt a ghlacadh i gcomórtais ar nós Dúshlán Mór Wheelie beidh scoileanna ar fud Aontroma agus Bhaile na Mainistreach in ann a dtionchar ar an timpeallacht a laghdú agus éirí níos inbhuanaithe agus iad ag obair i dtreo a ngradaim chlúitigh, Brat Glas Éicea-Scoileanna, a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta aige.