Cé muid féin?
Is é Uisce Thuaisceart Éireann an t-aon soláthraí ar uisce óil den ardchaighdeáin agus is muid a chóiríonn agus a dhiúscraíonn uisce fuíll (séarachas) taobh istigh de TÉ. Is rud an-mhór againn oideachas a chur ar dhaoine óga maidir leis an ról ríthábhachtach a ghlacann an t-uisce sa ghnáthshaol s’againn.
Cén topaic a dtugaimid tacaíocht di?
Cén topaic a dtugaimid tacaíocht di?
Tá dhá chlár oideachais againn, atá saor in aisce faoi láthair, (1) caomhnú - ardaíonn sé seo feasacht ar shábháil uisce agus a thionchar ar Inbhuanaitheacht agus (2) uisce don tsláinte –a thábhachtaí atá an t-uisce maidir le saol folláin a chaitheamh.
Cad é mar is féidir linne cuidiú?
Is féidir le Foireann Oideachas Uisce s’againn ár gcur i láthair seomra ranga a thabhairt, a mhaireann 1 uair an chloig, a bhfuil gníomhaíochtaí praiticiúla leo is féidir a sholáthar do bhliainghrúpaí EC2 nó d’Éicea-Choistí. Is féidir cur leo sin trí thionól scoile.
Caomhnú an Uisce
Mar thaca lenár gcur i láthair seomra ranga faigheann gach dalta agus a múinteoir pacáiste fógraíochta agus litríochta caomhnú uisce. Is féidir linn sonraí stairiúla ar úsáid uisce a fháil do scoileanna de réir fhiontar Éicea-Scoileanna. Tá leideanna le haghaidh teicnící caomhnaithe ar fáil ón Fhoireann Oideachas Uisce agus ónár suíomh Gréasáin ag www.niwater.com. Tá roinn fhíormhaith “Sábháil Uisce” ar an mhicreashuíomh Oideachais s’againn, ar a bhfuil Bileog “Iniúchadh Uisce Scoile Uisce TÉ” ar fáil le híoslódáil. Cuideoidh an bhileog seo le scoileanna modhanna a aimsiú chun uisce a shábháil agus a méadar a léamh. Bí rannpháirteach inár bhfiontar caomhnú uisce i scoileanna “Scaip an Scéal” agus thiocfadh leat buta uisce a bhaint do do scoil.
Maireachtáil Fholláin
Mar thaca lenár gcur i láthair seomra ranga faigheann gach dalta agus a múinteoir buidéal uisce agus litríocht. Foghlaim faoin tábhacht atá le huisce chun ár gcolainn a choinneáil sláintiúil. Tá roinn “Uisce don Bheatha” ar an mhicreashuíomh Oideachais s’againn ina dtig le daltaí a oibriú amach má tá siad díhiodráitithe agus a fháil amach cén dóigh a dtéann sé sin i gcion ar ár gcorp.