login

Nuachtlitreacha RSS logo

Nuachtlitir Márta 2019

Niamh Nic Cana   Tue 02 Apr 2019

Nuachtlitir Márta

Is deacair againn a chreidiúint go bhfuil Comhdháil na Múinteoirí thart go ceann bliain eile – agus nach lá den scoth a bhí againn! Gabhaimid buíochas leis na scoileanna uilig a d’fhreastail agus a chuidigh ar an lá. Léigh tuilleadh faoi seo thíos agus faoin nuathopaic iontach Fiadhúlra Muirí. Tá buíochas ag dul do na scoileanna sin a sheol isteach iarratais ar Bhrat Ghlas roimh an spriocdháta – beimid ar ár seacht ndícheall chun an measúnú s’agaibh a shocrú roimh dheireadh na scoilbhliana ach is féidir go nglacfaidh sé seo beagán ama a eagrú. Mar sin de bígí foighneach linn. Cuirimid fáilte is fiche roimh iarratais go fóill ach arís is féidir nach mbeidh deis againn iad a mheas ag an phointe seo i mbliana.

Nuachtlitir Feabhra 2019

Niamh Nic Cana   Tue 02 Apr 2019

Nuachtlitir Feabhra

Tá an sos leath-théarma fágtha inár ndiaidh againn agus táimid ag imeacht linn ar chos in airde i dtreo roinnt imeachtaí móra roimh shos na Cásca; go speisialta Comhdháil na Múinteoirí ar an 21 Márta – níl agat ach go dtí 7 Márta le clárú don ócáid chinniúnach seo, mar sin ná dean moil ar bith! Ná dean dearmad tá an spriocdháta don chéad Bhrat Glas ann ar 15 Márta agus táimid ag súil lena lán iarratas a fháil. Tá leathanach pinterest ag Éicea-Scoileanna Thuaisceart Éireann anois ar a mbíonn acmhainní úsáideach do na 10 dtopaic, breathnaigh anseo air le haghaidh smaointe inspioráideacha. Lainseáil muid fosta roinnt nuachomórtais iontacha le Translink agus leis an Údarás Oideachais, léigh leat go bhfaighidh tú níos mó amach!