login

Airteagail na Nuachtlitreach RSS logo

Féile Scannán Into Film (6-22 Samhain)

Georgina Black   Wed 16 Oct 2019

ÁIRITHINTÍ Á nGLACADH ANOIS DON FHÉILE SCANNÁN IS MÓ AR DOMHAN ATÁ SAOR IN AISCE

Tá deis á tabhairt arís do dhaltaí ar fud Thuaisceart Éireann dul ar thurais in aisce chuig pictiúrlann agus teacht ar acmhainní in aisce trí Fhéile Scannán Into Film, ina dtaispeántar 3,000 scannán agus a mbíonn 200 imeacht speisialta ann lena linn ar fud an RA. Ar ais don 7ú bliain ó 6-22 Samhain, tá an Fhéile seo ar an fhéile scannán is mó ar domhan atá saor in aisce. Is féidir le hoideachasóirí úsáid a bhaint as an iliomad téamaí agus topaicí trasna an churaclaim, in ábhair amhail Béarla, nuatheangacha iasachta (NTI), tíreolaíocht, stair, OPSS, polaitíocht agus saoránacht. Lena chois sin, spreagtar daltaí chun cur isteach ar chomórtas bliantúil scríobh léirmheas Fhéile Scannán Into Film agus an litearthacht a chur chun cinn trí mheán an scannáin.

Is é Into Film, an carthanas oideachas scannáin, a óstálfaidh an Fhéile agus a sheolfaidh imeacht uaillmhianach a bhfuil téama comhshaoil aige i mbliana, imeacht a leathfaidh ar fud an RA agus a gheobhaidh tacaíocht ó Greenpeace agus CÉINAL (UNICEF). Taispeánfar na chéad taibhithe do dhaltaí ag an am céanna, den chlár faisnéise nua ar athrú aeráide “2040” agus beidh seisiún C&F ina dhiaidh leis an stiúrthóir Damon Gameau. Luaitear leis an scannán “2040” gurb é an chéad scannán dírithe ar lucht féachana óg chun freagra dóchasach a thabhairt ar ‘éicea-imní’ na n-óg’.

San Fhéile i mbliana beidh ocht snáithe a chuideoidh le hoideachasóirí a bheith ag nascleanúint an chláir lomláin: Folláine Intinne agus Féiniúlacht, Teanga & Cruthaitheacht. An Domhan Nádúrtha, Stair á Fiosrú, Díospóireacht, Fantaisíocht & Eachtraíocht, Réabhlóid agus Ceoldrámaí.

I measc na mbuaicphointí do Thuaisceart Éireann áirítear:

• 2040 AGUS C&F BEOSHRUTHAITHE LEIS AN STIÚRTHÓIR DAMON GAMEAU ag Amharclann Scannán Ollscoil na Banríona, Béal Feirste

• An chéad taibhiú do dhaltaí den Biggest Little Farm ag Strand Arts,

• March of the Penguins 2 agus ceardlann le Wee Critters ag an Braid ar an Bhaile Mheánach

• Leagan as Gaeilge den Saothraí (The Breadwinner) agus ina dhiaidh seisiún scríobh léirmheas i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich

Tarlóidh Féile Scannán Into Film 2019 idir 6-22 Samhain. Tá gach imeacht agus léiriú saor in aisce.

Chun eolas maidir leis an chlár a fháil, ticéid a chur in áirithe agus acmhainní a íoslódáil, tabhair cuairt ar Into Film

Chun tuilleadh eolais a fháil ar scannán agus ar fheachtas 2040, gabh chuig WhatsYour2040

Chun eolas ginearálta a fháil maidir le Into Film TÉ gabh i dteagmháil le Peter Murray, Comhordaitheoir Clár Into Film.

Keep Northern Ireland Beautiful i gcomhar le Amazon Smile

Georgina Black   Wed 16 Oct 2019

Mairimid i ré an róthomhaltais. Caithfimid níos lú a úsáid, níos mó rudaí a fháil ar iasacht, a bheith sona leis an rud atá againn. Ach caithfidh muid é a dhéanamh i gcéimeanna a thig linn a bhainistiú. Is é an smaoineamh a chuirimis i gcónaí chun tosaigh gur chóir an rud atá againn a úsáid, an rud nár mhaith le daoine eile a athúsáid, ceannach níos fearr agus ceannach go háitiúil. Bíonn amanna ann nuair nach féidir é sin a dhéanamh agus ar chúiseanna áirithe bíonn ort ceannach ó áiteanna i gcéin.

Shínigh Keep Northern Ireland le Amazon Smile. Ciallaíonn se sin má cheannaíonn tú earra agus Amazon Smile in úsáid agat, deonóidh tú 0.5% de phraghas an earra do Keep Northern Ireland Beautiful.

Chun deonú, caithfidh tú ceannach trí shuíomh Amazon Smile ach is féidir malartú anonn chuige roimh íoc más amhlaidh go ndeachaigh tú trí ghnáthshuíomh gréasáin Amazon. Is féidir é a chur ar an bharra uirlisí s’agat lena chur i gcuimhne duit.

Agus tú ag ordú ó Amazon, caith súil ar an rogha pacáistiú gan stró - a sheolfaidh do chuid táirgí ar long gan pacáistíocht bhreise ar bith, a dearadh chun dramhaíl a laghdú i 100% den phacáistíocht athchúrsáilte. Agus tú ag an scipéad, déan an rogha den líon is lú beart ionas go gcuirtear earraí mar bheart amháin seachas a lán beartáin scartha.

Is beag an rud nach gcuidíonn linn níos mó a dhéanamh agus, mar sin, dean an nasc s’againn a roinnt go forleathan agus úsáid go tíosach é nuair is gá.

Go raibh maith agat.

Keep Northern Ireland Beautiful

Stailc ar son na hAeráide

Georgina Black   Wed 16 Oct 2019

Stailc ar son na hAeráide ag Scoil Naomh Colm i mBaile na Scríne

Bhí Ardscoil Naomh Colm, i gcuideachta bunscoileanna áitiúla in Éicea-Scoileanna na Scríne, rannpháirteach i Stailc Dhomhanda ar son na hAeráide 2019. D’eagraigh siad stailc ar an bhealach isteach go Baile na Croise, Contae Dhoire, 20 Meán Fómhair 2019. Ghlac corradh le 300 dalta agus ball foirne páirt ann. Nuair a cuireadh an cheist orthu cén fáth a raibh siad ar stailc, léirigh na daltaí go raibh tuairimí láidre acu ar an ghá le hathrú.

“Táimid paiseanta faoin phláinéad s’againn agus é a chaomhnú do na glúine atá le teacht. Ba mhaith linn go gcluinfeadh na daoine atá i gcumhacht an méid atá le rá againn. Is muidne an todhchaí agus tá todhchaí shlán de dhíth orainn!!”

Bronnadh Gradam TES Scoileanna Inbhuanaithe an RA ar Scoil Naomh Colm i searmanas i Londain i Meitheamh i mbliana agus tá sí ar na hÉicea-Scoileanna Ambasadóra is gníomhaí anseo i dTuaisceart Éireann.

Seachtain de Ghníomhaíochtaí ar son na hAeráide ag Coláiste Naomh Rónán

D’eagraigh Coláiste Naomh Rónán, an Lorgain, seachtain lán de dhíospóireachtaí agus de ghníomhaíochtaí roimh an stailc ar son na haeráide ar 20 Meán Fómhair chun daltaí agus baill foirne a spreagadh agus gealltanas ar son na haeráide a shíniú.

Éilíonn an gealltanas seo bearta a chuirfidh stad le cliseadh aeráide agus a ardóidh feasacht i dtaobh téamh domhanda. Bhí an scoil uilig rannpháirteach sa tionscnamh seo agus Tionól Iomlán Scoile ar Bheart ar son na hAeráide Dé hAoine 20 agus Bernadette Mhic Con Uisce mar aoichainteoir speisialta aige.

An lá céanna, sheol Coláiste Naomh Rónán a gcuid buidéal nua in-athúsáidte uisce agus iad ag iarraidh gearradh siar ar dhramhaíl phlaisteach... an chéad chéim eile acu an Gealltanas Plaisteach ar shuíomh gréasáin Keep Northern Ireland Beautiful a shíniú. Bí ar an chéad duine eile lena shíniú!

Ceardlanna TÓT / Into Film

Georgina Black   Wed 16 Oct 2019

An bhfuil ábhar iriseora nó déantóir scannán i do rang? An bhfuil suim agat TÓT a chur chun cinn i do scoil i mbliana? Más ea, is duitse na ceardlanna seo! Cruthaíodh i mbliana iad chun cuidiú le múinteoirí an clár a reáchtáil.

Is cúis áthais dúinn a fhógairt go bhfuil Éicea-Scoileanna TÉ agus Into Film tagtha i gcomhar le chéile a thairiscint ceardlann faoi scéalaíocht agus faoi léiriú scannán i Samhain na bliana seo saor in aisce do mhúinteoirí.

Tabharfaidh na cúrsaí oiliúna seo deis duit dul i dtaithí ar chlár Thuairisceoirí Óga don Timpeallacht agus san am céanna, gheobhaidh tú treoir iontu le do thionscadal a sholáthar.

Agus tú ag freastal ar cheardlanna TÓT / Into Film, is féidir é a úsáid mar chuid den FGL s’agat agus tabharfaidh sé deis duit comhfhiontair nua a thosú laistigh de do scoil le comhghleacaithe i ranna eile (m.sh. comhordaitheoir Club Scannán agus comhordaitheoir na meán)

Tá clárúcháin ar siúl anois do mhúinteoirí a bhfuil suim acu ann, mar sin de bí i dteagmháil le Franscesca

Ceardlanna

10am-2pm Ionad Ealaíne na Sruthla (an Ómaigh) 26 Samhain 2019

10am-2pm Páirc Thuaithe Shruth Chráfard (Beannchar) 27 Samhain 2019

Tuilleadh mionsonraí le teacht