Féachann an Plean Gníomhaíochta le spriocanna a aithint agus amchlár struchtúrtha a chur ar fáil chun go mbeadh laghdú ar na tionchair ar an chomhshaol a aithníodh san athbhreithniú.
Is é an Plean Gníomhaíochta croílár Chlár Éicea-Scoileanna. Is sraith tráthchláir é de shainspriocanna chun feabhais thar amscála socraithe. Ba chóir spriocanna inchainníochtúla a shocrú nuair is féidir m.sh. 50% de laghdú dramhaíola i 6 mhí, 100% de channaí díolta athchúrsáilte in 8 mí, 10% de laghdú ar ídiú leictreachais ón bhliain roimhe srl. Ag leanúint dár múnla faoin léarscáil agus faoin turas, is é an plean gníomhaíochta an pleanálaí bealaigh s’againn, a thugann na mionsonraí ar an dóigh a mbainfimid ceann scríbe amach. Ba chóir é a fhorbairt i gcónaí ó thorthaí an athbhreithnithe. Léiríonn an Sliocht Samplach as Plean Gníomhaíochta na bearta a rinne scoil lena sprioc a bhaint amach (i.e. gach canna a dhíoltar sa scoil a athchúrsáil faoi mhí Iúil na bliana sin) de réir próiseas soiléir céim ar chéim.
Sprioc: Gach canna a dhíoltar sa scoil a athchúrsáil faoi mhí an Mheithimh
Gníomh | Duine / Grúpa Freagrach | Uainiú |
---|---|---|
Duine a fháil leis na cannaí a thógáil | Anne Byrnes | M. Fómhair |
Modh a aimsiú leis an líon cannaí a mheas | Rang Mata 4ú | D. Fómhair |
Suirbhé i measc daltaí leis an áit is fearr d’araidí athchúrsála a shocrú | Rang Béarla 6ú | D. Fómhair |
Araidí a lonnú | Brian Jones | Samhain |
Scéim a phoibliú do na daltaí agus don fhoireann | Rang Teicneolaíochta 6ú | Samhain |
An céatadán athchúrsáilte a ríomh, torthaí a thaispeáint ar chlár fógraí | Rang Mata 5ú | Eanáir |
Cinneadh ar ghníomh feabhais mura mbaintear spriocanna amach | Coiste | Eanáir |
Ba chóir an Plean Gníomhaíochta a nascadh le hobair churaclaim agus spriocanna réalaíocha inbhainte amach bheith aige. Ba chóir go mbeadh na spriocanna seo sonrach agus intomhaiste, nuair is féidir, le críochdhátaí molta a thaispeánfaidh fíor-rath. Ná tabhair iarraidh bheith ró-uaillmhianach ar dtús mar go mbriseann teipeanna an spiorad.
Tá se barrthábhachtach a oibriú amach cén dóigh a ndéanfaidh tú monatóireacht agus tomhas ar dhul chun cinn agus ba chóir é sin a chur i do phlean gníomhaíochta. Déan iarracht guth a thabhairt do gach ball coiste i bhforbairt an phlean ghníomhaíochta, agus a oiread den scoil agus is féidir ina chur i gcrích.
SCOTHLEID: Ní athbhreithniú é an plean gníomhaíochta ar an obair a rinneadh, ach liosta de spriocanna agus de chuspóirí do do chlár amach anseo agus mionchur síos ar na bearta atá le cur i bhfeidhm (agus cé aige) laistigh d’am ar leith chun na cuspóirí agus na spriocanna sin a bhaint amach.
Mar achoimre, ba chóir don Phlean Gníomhaíochta:
Cuireann topaicí Éicea-Scoileanna lena lán de na 17 Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe de chuid na Náisiún Aontaithe. Nuair a bheidh do 3 thopaic roghnaithe agat, déan iarracht iad a nascadh le SFI i do Phlean Gníomhaíochta (féachaint cén dóigh a luíonn na topaicí leis na SFInna). Chun tuilleadh eolais a fháil ar na SFInna agus ar acmhainní úsáideacha amharc ar an leathanach: na Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe.