Is clár cuimsitheach é Éicea-Scoileanna a fhéachann leis an scoil ar fad agus leis an phobal trí chéile a áireamh ina chuid gníomhaíochtaí comhshaoil.
Trí phoiblíocht leanúnach agus ‘Laethanta Gníomhaíochta’, tugann Éicea-Scoileanna an deis do gach duine - daltaí, múinteoirí, foireann choimhdeachta, tuismitheoirí, comhairlí áitiúla agus grúpaí eile – teacht le chéile agus a oibriú i dtreo roinnt de na spriocanna atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta a thabhairt i gcrích.
Tá oiread sin smaointe ann do ‘Laethanta Gníomhaíochta’ agus tá sé tábhachtach go mbíonn faill ag daltaí a gcuid smaointe a chur i ngníomh.
Thiocfadh leat bailiúchán bruscair a eagrú, lá bia sláintiúil a bheith agat, seachtain ‘Siúlaimis ar scoil’, lá gan inneall níocháin sa bhaile. Thiocfadh leat fiú roinnt de do chuid ceachtanna a reáchtáil taobh amuigh. Níl aon chríoch ar an liosta!
De réir mar a théann tú trí chlár Éicea-Scoileanna beidh níos mó deiseanna agat i gcónaí do chuid gníomhaíochtaí a nascadh leis an phobal mhór. Is féidir an-chuid comhairle, cuidiú praiticiúil agus fiú maoiniú a fháil trí thuismitheoirí, gnólachtaí áitiúla agus an chomhairle áitiúil a tharraingt isteach sa chlár. Is croíphointe don phobal ar fad iad scoileanna agus mar sin de tig leo inspioráid agus sampla a thabhairt ar an dóigh ar féidir inbhuanaitheacht a thabhairt isteach sna tithe agus i gcroí an phobail áitiúil.
Cé gurb é an tÉicea-Choiste a bheidh ag stiúradh phleanáil agus forbairt an Phlean Ghníomhaíochta, tá sé tábhachtach go mbíonn oiread daltaí agus múinteoirí rannpháirteach sna tionscadail agus is féidir, le dul i ngleic dáiríre le hÉicea-Scoileanna agus bród a bheith orthu as a gcuid éachtaí.
Taispeánann na smaointe seo a leanas roinnt áiteanna a dtig leat cur le do thiomantas an pobal iomlán a tharraingt isteach i gclár Éicea-Scoileanna.
Nuair a bhíonn an tÉicea-Choiste cruthaithe ba chóir duit:
Nuair a bhíonn tú ag tabhairt faoin Athbhreithniú Timpeallachta thiocfadh leat:
Le linn duit bheith ag ullmhú do Phlean Ghníomhaíochta, thiocfadh leat:
Is smaoineamh maith é ócáid seolta a eagrú nuair a thosaíonn tú amach ar do thuras Éicea-Scoileanna. Tabharfaidh sé sin deis do d’Éicea-Choiste aidhm agus cúiseanna an tionscadail a mhíniú agus a iarraidh ar dhaltaí agus ar thuismitheoirí dul i mbun gnímh.
Poibligh na himeachtaí a eagraíonn tú trína bhfógairt ar do chlár fógraí Éicea-Scoileanna. Ba chóir go mbeadh sé sin in áit shuntasach sa scoil agus furasta a fheiceáil ag daltaí agus ag cuairteoirí. B’fhéidir gur mhaith leat an clár a phoibliú i nuachtlitir na scoile nó an pharóiste, nó más féidir, nuachtlitir Éicea-Scoileanna ar leith a chruthú.
Nuair a bheidh na scoileanna cláraithe, gheobhaidh tú nuachtlitir uair sa mhí ó Éicea-Scoileanna. D'fhéadfadh sé go mbeidh spéis an phreasa agus clúdach raidió áitiúil do imeachtaí eagraithe. Tá sé iontach cé go bhfuil na tionóil Baineadh amach fhógairt spriocanna áirithe nó do leanaí a bhfuil a dtorthaí taighde agus a thaispeáint.
B’fhéidir gur mhaith leat taispeántais a eagrú d’obair thionscadail, sa scoil féin agus sa phobal mhór lasmuigh m.sh. sa leabharlann áitiúil, san áras pobail.
I ngach cás, is féidir dul a fhad le d’Oifigeach Oideachas Comhshaoil áitiúil a lorg comhairle. Is féidir teagmháil a dhéanamh fosta le hOifigeach Éicea-Scoileanna le haghaidh cuidithe agus comhairle. Is breá linn cluinstin faoin obair iontach atá ag dul ar aghaidh in Éicea-Scoileanna ar fud na háite, mar sin de déan teagmháil linn agus abair linn cad é atá ag tarlú i do scoilse.
SCOTHLEID: Gabh i dteagmháil le do nuachtán áitiúil agus iarr orthu tuairisc a phoibliú den chur síos a dhéanann na daltaí ar an rath atá ar a gclár Éicea-Scoileanna.