Is clár dalta-threoraithe é Éicea-Scoileanna agus croíchuid dó rannpháirtíocht na scoile uilig. Mar sin de, caithfidh daltaí bheith i measc bhaill an Éicea-Choiste.
Is é an tÉicea-Choiste (arbh fhearr go dtoghfadh an scoil ar fad é) a ghlacann ceannasaíocht ar bhaint na scoile sa tionscadal. Ba é ab fhearr go mbeadh daltaí, múinteoirí, foireann choimhdeachta, lucht bainistíochta agus tuismitheoirí ar an choiste.
B’fhearr i bhfad dá mbeadh an tÉicea-Choiste ionadaíoch do dhearcthaí an phobail i gcoitinne fosta chomh maith leis an scoil ar fad. Áirítear i measc samplaí de sin ionadaithe áitiúla comhairle nó teagmhálacha áitiúla comhshaoil eile, b’fhéidir ón earnáil dheonach.
Tá an tÉicea-Choiste déanta sa dóigh go mbeidh sé solúbtha agus is iomaí cruth is féidir bheith air le freastal ar chúinsí aonair do scoile. Thiocfadh dó gur cuid de ghrúpa é atá ann cheana a thagann le chéile go rialta nó i gcásanna áirithe, thiocfadh dó go gcuimseodh sé gach dalta agus gach ball foirne sa scoil.
Is minic a bhíonn an coiste comhdhéanta d’oibrithe deonacha as measc na ndaltaí chomh maith le múinteoirí agus baill eile on phobal. I gcásanna áirithe reáchtálfaidh scoileanna próiseas iomlán toghcháin le forógraí, óráidí toghcháin, canbhasáil, póstaeir toghcháin, agus ballóidí chun na poist éagsúla ar an choiste a líonadh!
Tá jab tábhachtach le déanamh ag an Éicea-Choiste...
Tá an tÉicea-Choiste freagrach as an Athbhreithniú Timpeallachta tosaigh agus na cinn a leanann é a dhéanamh agus as Plean Gníomhaíochta a ullmhú don scoil ar fad le tabhairt faoi.
Ba chóir cruinnithe rialta a eagrú, ar a laghad dhá cheann sa téarma, chun plé a dhéanamh ar ghníomhaíocht chomhshaoil don scoil. Ba chóir na miontuairiscí, a léiríonn torthaí an phlé ghrúpa agus an gníomh atá le déanamh, a thaifeadadh.
Áit ar bith is féidir, moltar gur daltaí a chomhlíonann an próiseas miontuairiscí agus go gcinntíonn siad féin go mbíonn an scoil ar fad páirteach sa phróiseas comhairliúcháin agus cinnteoireachta.
Is den tábhacht é go mbunaíonn an tÉicea-Choiste línte láidre cumarsáide lena chinntiú go scaiptear gach eolas, smaoineamh nó forbairt tríd an scoil ar fad. Ba chóir na taifid seo a roinnt le cruinnithe bainistíochta scoile, le gach rang/bliainghrúpa agus bheith le feiceáil ar chlár fógraí Éicea-Scoileanna.
Tá na baill den choiste ar daltaí iad freagrach as smaointe ón chuid eile de na daltaí a thabhairt ar ais chuig an choiste agus as torthaí ó chruinnithe coiste a thuairisciú ar ais do gach rang nó bliain sa scoil. D’fhéadfaí eochaircheisteanna a ardú ag tionóil scoile agus leis an phobal mhór nuair is féidir.
SCOTHLEID: Chun rudaí a chur ar obair mar is ceart ba mhaith an smaoineamh cuireadh a chur ar an Oifigeach Feasacht Comhshaoil ón Chomhairle Áitiúil más féidir freastal ar cheann de bhur gcruinnithe chun comhairle a thabhairt agus chun cuidiú libh tús maith a chur le bhur gclár Éicea-Scoileanna.
Lena fháil amach cé a dtiocfadh leat teagmháil a dhéanamh leis i do cheantar, cliceáil anseo.
Nuair atá d’Éicea-Choiste tofa agat, ba chóir duit ansin bogadh ar aghaidh chuig Gné 2 An tAthbhreithniú Timpeallachta.