Buíochas do na meáin agus do leithéidí an cheiliúráin chócaireachta, Jamie Oliver, tá ceist sláinte ár bpáistí anois ina saincheist chorraitheach. Leoga deirtear gurb é an ghlúin reatha de dhaoine óga a bheidh ar an chéad dream sa stair ar ísle a n-ionchas saoil ná ceann a dtuismitheoirí.
Tá staid na sláinte s’againn bainte ní hamháin lenár leas fisiceach fadtéarmach ach fosta le fachtóirí mothaolacha agus sóisialta – ár sonas, muinín agus dearcadh ginearálta i leith an tsaoil. Tá coibhneas soiléir chomh maith idir sláinte agus gnóthachtáil oideachasúil. Cuireann drochshláinte bac ar rath oideachasúil agus is mór an tionchar a imríonn rath oideachasúil ar fhéidearthachtaí sóisialta agus eacnamaíocha, agus ar roghanna i dtaobh sláinte.
Léirítear i suirbhé a d’fhoilsigh an Roinn Sláinte in 2017:Le go mbeadh siad sláintiúil, is é atá de dhíth ar pháistí agus ar dhaoine óga dáiríre: teaghlach, baile, scoil, roinnt cairde, áit éigin le súgradh, todhchaí agus rochtain ar chóir leighis agus ar sheirbhísí tacaíochta. Ní beag an ról atá ag scoileanna i soláthar na riachtanas sin. Meastar go gcaitheann páistí ar an mheán 15,000 uair ar scoil. Is tréimhse é saol na scoile nuair is furasta rud a chur ina luí ar dhaoine óga, agus tiocfaidh an chuid is mó de dhaltaí, ag am éigin, faoi thionchar réimse brúnna sóisialta arbh fhéidir leo dul i gcion ar a sláinte, ó leithéidí bulaíochta agus strus scrúduithe go piarbhrú agus ag baint triail as toitíní nó drugaí a chaitheamh.
Tá ról lárnach ag scoileanna i gcur chun cinn sláinte agus leas daoine óga agus an phobail trí chéile ar na dóigheanna seo a leanas. Is féidir leo:
Tugann roinn na gCás-Staidéar sonraí ar an dóigh a dtig le hÉicea-Scoileanna stíl fholláin mhaireachtála a chur chun cinn. Sa roinn Acmhainní gheobhaidh tú sonraí ar réimse eagraíochtaí a dtig leo cuidiú a ofráil do do scoil ar shaincheisteanna stíl fholláin mhaireachtála.