Cén rud é Athrú Aeráide?
Is gnách go n-úsáidtear an téarma ‘Athrú Aeráide’ mar leagan in-idirmhalartaithe ar na téarmaí "téamh domhanda" agus "an iarmhairt cheaptha teasa". Tagraíonn se don mhéadú atá ag teacht ar gháis shaorga (an tí ghloine) san atmaisféar a cheapann teas na gréine, agus a thugann athruithe i bpatrúin aimsire ar scála domhanda. I measc na n-iarmhairtí áirítear athruithe i bpatrúin frasaíochta, ardú i leibhéal na farraige, triomaigh fhéideartha, cailleadh gnáthóg agus strus teasa.
Is é aeráid áite an mheánaimsir agus na comhathruithe san aimsir thar thréimhsí fada ama. Faightear foraoisí báistí, mar shampla in aeráidí trópaiceacha, mar a mbíonn an aimsir i gcónaí te agus a mbíonn leibhéil arda fearthainne. Is gnách go mbíonn samhradh te tirim in áiteanna le haeráid Meánmhuirí. Bíonn aimsir the thirim den chuid is mó ag roinnt tíortha, mar a mbíonn an staid ar a dtugtar aeráid thur nó breacthur (semi-arid).
Tá aeráid mheasartha i dTuaisceart Éireann, le geimhreadh agus samhradh séimh agus fearthainn ar feadh cuid mhaith den bhliain! Ach i dtír bheag ar nós na tíre s’againne fiú amháin, is féidir le comhathruithe suntasacha áitiúla aimsire a bheith ann, go háirithe mar a bhaineann sé le fearthainn. Cá háit is dóigh leat a bhfuil na ceantair is fliche agus is tirime sa tír?
Tá brat gás ag timpeallú an phláinéid a choinníonn dromchla an domhain te go leor leis an bheatha a chothú. Ligeann na gáis san atmaisféar, de-ocsaíd charbóin san áireamh, do sholas na gréine teacht isteach ach ceapann siad a lán den teas. Ach ab é ‘an iarmhairt cheaptha teasa’ seo, mar a thugtar uirthi, bheimis inár gcónaí ar phláinéad i bhfad níos fuaire: ba é -18°C meánteocht dromchla an domhain sa chás sin. Ardaíonn gás ceaptha teasa san atmaisféar teocht an Domhain faoi 33ºC go dtí a mheánteocht dromchla reatha de 15ºC.
Caithfear a choinneáil i gcuimhne, áfach, go gcreidtear go bhfuil aeráid an domhain ag athrú go seasta le linn a stair 5 billiún bliain. Tharla a leithéid d’athruithe aeráide go han-mhall thar na mílte bliain. Creidtear gur tharla siad go príomha de thoradh an tionchair a bhíonn ag an ghrian, an talamh, na haigéin agus an t-atmaisféar ar a chéile.
I dTuaisceart Éireann fiú amháin, ní gá dúinn dul rófhada siar in am le teacht ar aeráid a bhí an- difriúil le ceann an lae inniu. Creidtear gur tharla an oighearaois is deireanaí in Éirinn go díreach idir 30,000 agus 14,000 bliain ó shin. Bhí an chuid is mó den tír ag an am sin clúdaithe le hoighear, bhí leibhéil na farraige 50m níos ísle ná leibhéil an lae inniu, agus bhí muid ceangailte leis an Bhreatain agus le hilchríoch na hEorpa. De réir mar a leáigh an t-oighear ar fud na hEorpa agus an domhain, d’ardaigh leibhéil na farraige arís agus bhí Éire ina hoileán scartha arís. Fiú amháin chomh gar dúinn agus an 14ú céad, mhair muintir na hEorpa trí thréimhse ar a dtugtar an "Oighearaois Bheag."
Cad chuige, mar sin de, a bhfuil muid chomh buartha sin faoi athrú aeráide, más rud é a tharlaíonn go nádúrtha agus a tharla i rith stair an domhain? Cé na tionchair a imrímid tríd an stíl mhaireachtála a chleachtaimid, agus an féidir linn aon mhaith a dhéanamh?
An difear is tábhachtaí idir an tréimhse reatha téamh domhanda i gcomparáid le timthriallta athrú aeráide roimhe seo is ea a ghasta atá an ráta athraithe ag tarlú. Théigh an pláinéad thart ar 1°C níos mó le 100 bliain anuas, agus aontaíonn mórán eolaithe gurb é méid méadaitheach na ngás ceaptha teasa go háirithe CO2 a scaoiltear amach in atmaisféar an Domhain de bharr gníomhaíocht dhaonna gurb é sin an phríomhchúis atá leis.
Mar gheall ar na billiúin tona de CO2 (agus gáis cheaptha teasa eile) a sceitear go domhanda gach bliain tá an brat gás san atmaisféar ag ceapadh níos mó teasa taobh istigh, agus tarlaíonn téamh domhanda agus patrúin aimsire nach féidir a thuar dá réir. Leis an chéad ionsamhlú ríomhaire a rinneadh chomh fada siar le 1967 agus a bhí iontaofa, ríomhadh go dtiocfadh leis an mheánteocht domhanda ardú faoi níos mó ná 4°C nuair a shroichfeadh na leibhéil atmaisféaracha CO2 dhá oiread an mhéid a bhíodh ann sa ré réamhthionsclaíoch. Níl ann ach ar na mallaibh áfach, a tháinig réim iomlán chontúirtí agus iarmhairtí féideartha an athraithe aeráide chun solais.
Tharla athrú aeráide i gcónaí de bharr próisis nádúrtha ar nós teicteonaic phlátaí, gníomhaíocht bholcánach, idirghníomhaíochtaí idir an talamh, na haigéin agus an t-atmaisféar, chomh maith le comhathruithe i ndéine sholas na gréine. Creidtear áfach, gur mór an bhaint a bhí ag gníomhaíocht dhaonna in athruithe san aeráid ar na mallaibh, go hairithe ó aimsir na réabhlóide tionsclaíche. Mar gheall air sin tá an Domhan ag dul trí theochtaí atá ag méadú, oighearchaidhpeanna agus oighearshruthanna atá ag leá, leibhéil farraige ag ardú, agus patrúin aimsire ghuagacha.
Ní feiniméan nua é go díreach na hathruithe aeráide a tharla mar gheall ar ghníomhaíocht dhaonna. Ar feadh na mílte bliain tá crainn á ngearradh anuas againn leis an adhmad a úsáid mar bhreosla agus don fhoirgníocht, agus le talamh a fhorbairt don talmhaíocht. Nuair a bhíonn níos lú crann ann leis an dé-ocsaíd charbóin a ionsú tiocfaidh tiúchan níos mó CO2 san atmaisféar. Is féidir le hiarmhairt fiú níos dírí a bheith ann, mar a chreidtear a tharla sa Ghréig agus i dtíortha eile na Meánmhara le 2000 bliain anuas. As siocair dífhoraoisiú fairsing bhí níos lú crann ann le solas na gréine a bhí ag teacht a ionsú, chomh maith leis an chreimeadh mhéadaithe ithreach de bharr an nochta (exposure). Tá aeráid na linne seo anois píosa maith níos teo agus níos tirime.
Le blianta beaga anuas, ta eolaithe ag maíomh gurb iad na harduithe i leibhéil na ngás ceaptha teasa, ar nós ocsaíd nítriúil (N2O), meatáin (CH4), agus dé-ocsaíd charbóin (CO2) go speisialta, an phríomhchúis le téamh domhanda. Cé go gcreidtear gur tháinig athruithe ollmhóra ar na leibhéil CO2 le 600 milliún bliain anuas, ríomhadh ar na mallaibh go raibh tiúchan atmaisféarach reatha an CO2 ag 379csm (codanna sa mhilliún), i gcomparáid le leibhéil réamhthionsclaíocha de go díreach 280csm.
Tagann an mhórchuid dá n-astuithe, CO2 go háirithe, ó bheith ag dó breoslaí iontaise ar nós guail, gáis agus ola. Úsáidtear breoslaí iontaise go háirithe i gcúrsaí iompair, teasa agus giniúint leictreachais. Gach uair a chuirimid an raidió nó an teilifís ar siúl, a lasaimid tine, nó a thiomáinimid chuig na siopaí, bímid ag cur leis an mhéid CO2 atá san atmaisféar againn. Ginfidh an chuid is mó de na rudaí a cheannaímid astú CO2 ar dhóigh éigin fosta, bíodh sé sin mar thoradh ar a dhéantús agus a phacáistiú, nó iompar an ruda, nó an dá chuid. Áirítear leis sin ceannach torthaí agus glasraí trópaiceacha, nó torthaí agus glasraí a cheannaítear as séasúr, agus a iompraíodh ó áit i bhfad i gcéin b’fhéidir le teacht chomh fada le do chistin.
Ar deireadh, tá tosca eile ann, ina measc beostoc agus suimint a mbíonn baint mhór acu le hastuithe CO2 agus gáis eile iarmhairt cheaptha teasa a spreag daoine ar nós ocsaíd nítriúil agus meatán.