Tugann tailte scoile deis iontach chun tosú a chur páistí ar an eolas faoin timpeallacht nádúrtha agus faoin bhithéagsúlacht ar dhóigh phraiticiúil. Cuireann siad áis shábháilte agus áis a d’fhéadfadh bheith spreagúil go maith ar fáil le haghaidh oideachas taobh amuigh a chuirfeadh le gníomhaíochtaí seomra-bhunaithe.
Tugann an bhithéagsúlacht naisc dhíreacha leis an churaclam, ag soláthar eolais, scileanna agus tuiscint trasna na n-eochairchéimeanna sna réimsí seo a leanas:
Foghlaimíonn daltaí mar gheall ar an éagsúlacht plandaí agus ainmhithe atá ann go bhfuil sé tábhachtach iad a shainaithint agus iad a rangú i ngrúpaí; go bhfaightear plandaí agus ainmhithe difriúla i ngnáthóga difriúla; go gcothaíonn gnáthóga plandaí agus ainmhithe éagsúla agus iad uilig idirspleách ar a chéile; gur féidir dáileadh agus flúirse choibhneasta orgánach i ngnáthóga a mhíniú ag úsáid smaointe an idirspleáchais, an oiriúnaithe, na hiomaíochta agus na creachóireachta.
Roghnaíonn a lán Éicea-Scoileanna tabhairt faoi bhithéagsúlacht mar chuid den Phlean Gníomhaíochta s’acu. Amharc ar roinn na gCás-Staidéar le haghaidh tuilleadh sonraí. Is fiú fosta cuairt a thabhairt ar roinn na gComhpháirtithe Soláthair le haghaidh tuilleadh eolais ar an dóigh le cur leis an bhithéagsúlacht ar thailte do scoile. Ní féidir tábhacht Foghlaim Taobh Amuigh den Seomra Ranga a mheas thar ceart, agus tugann an bhithéagsúlacht modhanna luachmhara chun daoine óga a chur a fhiosrú a dtimpeallacht áitiúil, i dtimpeallacht atá i bhfad níos cruthaithí agus níos spreagúla le haghaidh foghlama.
Is í an bhithéagsúlacht - nó "an éagsúlacht bhitheolaíoch" an éagsúlacht dhochreidte a bhaineann le gach neach beo ar an phláinéad s’againn – ó phlanctón, bláthanna fiáine agus feithidí go mamaigh, reiptílí, crainn agus éin. Baineann sí fosta leis na gnáthóga ina bhfaightear na rudaí beo seo – aigéin, coillte, móinéir, bogaigh, chomh maith le háiteanna saorga amhail goirt, páirceanna poiblí agus canálacha. Fiú amháin an rud ar a dtugtar ‘talamh gan rath’ is féidir leis bheith ina fhoinse shaibhir bhithéagsúlachta.
Tá an bhithéagsúlacht fíorthábhachtach cionn is go mbaineann sí le saol an uile dhuine againn, go díreach agus go hindíreach.
Tá réimse bunacmhainní de dhíth ar gach uile speiceas, an duine san áireamh, le fanacht beo agus sláintiúil. Tá ocsaigin de dhíth ar dhaoine le hanálú, uisce le hól, bia le hithe agus foscadh ón síon. Cuireann na rudaí beo ar an phláinéad seo againn a lán de na nithe seo ar fáil dúinn, mar sin de tá a gcaomhnú siúd ríthábhachtach má táimid le maireachtáil.
Tá sé ríthábhachtach bithéagsúlacht Phlainéad an Domhain a chaomhnú chomh maith mar:
Braitheann an bheatha dhaonna í féin ar na caidrimh idir gach créatúr beo agus a dtimpeallacht, ach tá a lán den ghníomhaíocht dhaonna a bhfuil drochthionchar aici ar an bhithéagsúlacht ar fud an domhain. Sa RA, mar gheall ar fhás na forbartha uirbí, modhanna dianfheirmeoireachta, tabhairt isteach speicis neamhdhúchasacha, iompar agus truailliú, tharla titim mhór, agus i gcásanna áirithe imeacht i léig, i ngnáthóga agus i speicis. Ní raibh sé riamh chomh práinneach an ‘cothrom sa dúlra’ seo a athchóiriú.
Ta ceangail idir an bhithéagsúlacht agus na snáitheanna difriúla comhshaoil uilig ar comharthaí iad, nuair a ghlactar uilig le cheile iad, d’Éicea-Scoil shláintiúil chásnach. Is féidir le hÉicea-Scoil cúram a dhéanamh den bhithéagsúlacht ar roinnt bealaí:
Tugann tailte scoile deis iontach chun tosú a chur páistí ar an eolas faoin timpeallacht nádúrtha agus faoin bhithéagsúlacht. Cuireann siad áis iontach ar fáil le haghaidh oideachas taobh amuigh a chuirfeadh le gníomhaíochtaí seomra-bhunaithe. Is féidir le hachair dúlra ar thailte scoile cur go mór leis sin.
Le cois na nasc curaclaim, tugann obair ar an bhithéagsúlacht an deis do dhaltaí cuidiú fosta le sonraí iontaofa, ardchaighdeáin a sholáthar ar ghnáthóga agus ar speicis atá ríthábhachtach do phleanáil ghníomhaíochta náisiúnta agus áitiúil na bithéagsúlachta.
Sna 1950í, measadh go raibh 36.5 milliún gráinneog sa Bhreatain. Is cosúil gur lú ná milliún atá beo sa lá inniu ann. Is iad seo na bagairtí is mó ag na gráinneoga:
Is fearr le gráinneoga imill choillearnaí, fálta sceach agus gnáthóga bruachbhailteacha, áiteanna a mbíonn tréan bia ann dóibh. Is dlúthchara leis an gharraíodóir í an ghráinneog nó is iomaí lotnaid gharraí ina n-aiste bia, ina measc slugaí, seilidí agus luchóga.
Déanann gráinneoga geimhriú gach bliain, ó Shamhain de ghnáth go dtí thart ar am na Cásca, ach is mór an tionchar a bhíonn ag an aimsir air seo. Is gnách go músclaíonn na gráinneoga roinnt uaireanta le linn an gheimhridh agus is minic a thógann siad nead úr déanta de dhuilleoga, iad soiprithe faoi thor, nó carnán lomán nó seid gharraí, áit ar bith a bhfaigheann siad tacaíocht agus cosaint.
Is féidir linn cuidiú le baile a chruthú do ghráinneoga i ngairdíní ach cuid de na céimeanna simplí seo a ghlacadh:
Breathnaigh fosta ar an acmhainn úsáideach seo https://www.hedgehogstreet.org/about-hedgehogs/tracks-and-signs/ go bhfeicfidh tú an dóigh le gráinneoga a aimsiú.
Cuireann an Plean Pailneoir Sóisearach smaointe faoi chaomhnú beach, i láthair lucht éisteachta óg, ar dhóigh spraíúil sothuigthe. Spreagann sé páistí le smaoineamh cad é mar a thig leo cuidiú le cosaint in éadan éag na mbeach in Éirinn agus cuideoidh sé le páistí a thuigbheáil a thábhachtaí atá beacha sa domhan s’againn agus cuirfidh sé ar a gcumas bearta a dhéanamh lenár bpailneoirí a chosaint. Cliceáil anseo leis an acmhainn a íoslódáil.
Mar mhír dá bPlean Gníomhaíochta, roghnaíonn a lán Éicea-Scoileanna tabhairt faoin bhithéagsúlacht. Amharc ar an rannán Cás-Staidéir le tuilleadh sonraí a fháil. Is fiú fosta cuairt a thabhairt ar na rannáin Comhpháirtithe Seachadta agus Foghlaim Allamuigh le tuilleadh eolais a fháil ar an dóigh le cur leis an bhithéagsúlacht ar thailte na scoile. Ní thig an tábhacht atá le Foghlaim Taobh Amuigh den Seomra Ranga a mholadh go leor, agus tá bealaí luachmhara sa bhithéagsúlacht le daoine óga a chur ag obair ina dtimpeallacht áitiúil, ar cruthaithí agus ar spreagúla go mór í mar thimpeallacht foghlama.
An bhfuil smaoineamh iontach ag do scoil chun monatóireacht a dhéanamh ar an bhithéagsúlacht nó í a spreagadh? Má tá, cad chuige nach n-inseofá dúinn faoi? Déan teagmháil linn agus roinnfimid é lenár líonra Éicea-Scoileanna.