Is próiseas é seo trína scrúdaítear tionchar na scoile ar an timpeallacht chun spriocanna a aithint i dtaca le gníomhú agus feabhsú.
Sula dtosaí tú amach ar do thuras Éicea-Scoileanna, is éigean duit iniúchadh a dhéanamh ar an tionchar reatha a bhíonn ag do scoil ar an timpeallacht. Má shamhlaímid an clár Éicea-Scoileanna le léarscáil a úsáid chun ceann scríbe a bhaint amach ar thuras, cuidíonn an t-athbhreithniú linn an pointe tosaigh ar an léarscáil a aimsiú. Nuair a bhíonn a fhios agat cá mbeidh tú ag tosú amach, is féidir ansin spriocanna réalaíocha a shocrú agus an rath a bhíonn ort a thomhas.
Cuideoidh an próiseas seo libh fosta eolas faoin chlár a scaipeadh ar fud na scoile, mar a dtig torthaí an athbhreithnithe a fhoilsiú ar chlár fógraí, nuachtlitir scoile, nó sa tionól nó trí fhógraí poiblí. Is tábhachtach go mbeadh baint ag na daltaí leis an phróiseas athbhreithnithe.
Ag pointe ar bith le linn an phróisis, déan teagmháil linn agus labhair le duine dár nOifigigh Éicea-Scoileanna a bhíonn ar fáil le cuidiú, comhairle agus acmhainní breise a thabhairt a chuideoidh leat stádas an Bhrait Ghlais a bhaint amach.Tabharfaidh torthaí d’Athbhreithniú Timpeallachta bunús duit le do Phlean Gníomhaíochta a chruthú, a chuideoidh le do scoil a chinneadh cé acu atá athrú riachtanach, práinneach nó nach bhfuil sé ag teastáil ar chor ar bith. Cuideoidh sé leat fosta cuspóirí agus spriocanna réalaíocha a shocrú agus an rath cinnte a bheidh ort a thomhas.
Nuair a dhéantar Athbhreithniú Timpeallachta cinntítear nach ligtear gnéithe tábhachtacha ar bith i ndearmad agus cuideoidh sé leis na daltaí agus leis an phobal trí chéile staid timpeallachta reatha na scoile a thuiscint.
Cuideoidh an próiseas fosta le háiteanna a aithint nach bhfuil ach beagán feabhais nó cuid ar bith de dhíth iontu agus cuideoidh sé le gníomhaíochtaí a shonrú agus a chur in ord tosaíochta.
Nuair a thiocfaidh an t-am go mbeidh iarratas á dhéanamh don Bhrat Ghlas, beidh ort sonraí a chur ar fáil maidir leis an dóigh agus an uair a chuir tú an tAthbhreithniú Timpeallachta i gcrích, cé a bhí bainteach leis agus cad é mar a fuair tú na torthaí. Ó tharla go mb’fhéidir go mbeadh tréimhse fhada ama idir an athbhreithniú tosaigh agus bheith ag cur isteach le haghaidh an bhrait, cinntigh go gcoinnítear taifid den obair agus de na torthaí uilig.
Ba cheart a chinntiú go mbíonn an pobal mór scoile ag comhoibriú chomh dlúth agus is féidir leis an Éicea-Choiste chun an tAthbhreithniú a dhéanamh. Tá sé barrthábhachtach go mbíonn oiread daltaí agus is féidir páirteach ann ag gach céim.
Moltar go ndéantar Athbhreithniú Timpeallachta ar bhonn bliantúil chun tomhas agus measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn leanúnach fheidhmíocht chomhshaoil na scoile.
Ach seiceáil mhion a dhéanamh ar na tionchair fhéideartha uilig a d’fhéadfadh an scoil a imirt ar an chomhshaol maidir leis an téama atá faoi scrúdú, cuideoidh an tAthbhreithniú Timpeallachta chun:
Tá se an-tábhachtach go ndéanfá d’athbhreithniú a mheas go cruinn ag úsáid aonad feidhmíocht chomhshaoil a bhaineann le do scoil, m.sh. líon/toirt na n-araidí bruscair a théann chun líonadh talún gach seachtain, léamha míosúla ar mhéadair fóntas, meánchostas úsáid uisce in aghaidh an dalta sa mhí, srl. Is féidir an táscaire céanna a úsáid síos trí chlár Éicea-Scoileanna mar thagarmharc a dtig monatóireacht atá le déanamh amach anseo a chur i gcomparáid leis. Ba chóir go mbeadh an tomhas a dhéantar ar an dul chun cinn ina chuid thábhachtach de shaol na scoile. Tá an t-eolas sin de dhíth le d’fhoirm iarratais don Bhrat Ghlas a chríochnú.
SCOTHLEID: Cibé cé acu atá tú ag cur le chéile d Athbhreithniú Timpeallachta féin nó ag úsáid an teimpléid atá ann, is iomaí deis a bheidh ann an ghníomhaíocht seo a nascadh leis an churaclam uimhearthachta, litearthachta agus eolaíochta. Is féidir na feidhmeanna uilig, tomhas, meas, sonraí a thaispeáint, srl. a fhorbairt ionas go gcomhlíonann siad spriocanna Churaclam Thuaisceart Éireann, le cois bheith ag cur le hÉicea-Scoileanna.
Nuair a bheidh d’Athbhreithniú Timpeallachta críochnaithe agat, ba cheart duit na torthaí a fuair tú a úsáid le dul chuig Gné 3 - An Plean Gníomhaíochta.